Caisleán na Mináirde

Nuair a bhí Anraí VI ina rí i Sasana ritheadh acht sa pháirlimint sa bhliain 1429 a thug deontas £10 do éinne a thógadh caisleán nó túrtheach de mhéid áirithe. Thóg Ridirí Chiarraí alán caisleáin le cabhair an deontais seo agus Caisleán na Minairde ab ea ceann acu. Tógadh é ar thalamh ard in aice le “Béal na gCloch” ag féachaint amach ar Bhá an Daingin. Caisleán 4 úrlár ar airde agus úrlár faoi thalamh ab ea é. Bhí sé 50 troigh ar fhad agus 41 troigh ar leithead le 11 fuinneog agus é timpeall 50 troigh ar airde. Mhair na Gearaltaigh sa chaisleán -an taon chaisleán i seilbh na nGearaltaigh idir Chaisleán na Mainge agus An Daingean.

I 1650 nuair a d’ionsaigh fórsaí Cromail Caisleán an Ghriaire d’éirigh le úinéir an chaisleáin Walter Hussey agus a chuid fear éalú trasna na sléibhte go Caisleán na Minairde. Ní fada ina dhiaidh sin gur thimpeallaigh fórsaí Cromail fé cheannas Colonels Lehunt agus Sadler an caisleán. Chosain Hussey agus a chuid fear an caisleán go cróga ach ar deireadh ritheadar amach as armlón. Dheineadar piléir pewter ach ní fada a mhair siad sin. Sa deireadh cuireadh baraille púdair thíos faoin gCaisleán agus séideadh Hussey agus a chuid fear agus an caisleán san aer. Aithníodh corp Hussey mar bhí stocaí dearga á chaitheamh aige!