Tógadh é sa bhliain 1867. D’úsáideadh clocha ó chaisleán na Minairde. Bheannaigh an tEaspaig Ó Muircheartaigh an bhunchloch ar an 28 Lúnasa 1867-Oíche Fhéile Patrún na Minairde.
Séipéal Eoin Baiste
Is istigh i lios i bPáirc an Teampaill atá sé seo lonnaithe in onóir do Naomh Mártain.Tá rian seanuaigheanna ar an láthair agus deirtear go gcuirtí leanaí gan baiste ann anuas go dtí tús an chéid seo caite. Luaitear i mbéaloideas an cheantair go raibh feirmeoir ó Chluain Chumhra ag tógaint tí uair agus gur thóg sé cloch ón dteampall le cur sa bhfalla.Larnamháireach bhí an cloch imithe.Cá bhfaighfeadh sé í ach sa tseantheampall mar a raibh sí ar dtúis.Níor aistrigh éinne cloch ó shin!
De ghnáth ní bhíonn maisiú nó ornáidíocht ar na galláin. Ach anseo in Áth an Charbail tá cupaí agus ciorcail greanta ar an gcloch. Níl a fhios ag éinne cad is brí leis an maisiúcháin seo.