Is istigh i lios i bPáirc an Teampaill atá sé seo lonnaithe in onóir do Naomh Mártain.Tá rian seanuaigheanna ar an láthair agus deirtear go gcuirtí leanaí gan baiste ann anuas go dtí tús an chéid seo caite. Luaitear i mbéaloideas an cheantair go raibh feirmeoir ó Chluain Chumhra ag tógaint tí uair agus gur thóg sé cloch ón dteampall le cur sa bhfalla.Larnamháireach bhí an cloch imithe.Cá bhfaighfeadh sé í ach sa tseantheampall mar a raibh sí ar dtúis.Níor aistrigh éinne cloch ó shin!
Teampall Mártain/Teampall Liath
Bookmark the permalink.