Páirc na Fola

Tá Páirc na Fola i Log na gCapall. Tá trí chloch ogham ann agus mullán amháin. Séard atá scríofa ar chloch amháin ná ‘’GOSSUCTTIAS’’ agus tá an focal seo scríofa ar  chloch ogham eile ‘’GAMICUNAS’’. Tá na clocha ogham timpeall i sort ciorcal. Fadó bhí cath mór i bPáirc na Fola ach níl a fhios ag éinne cé a bhí ag troid ach doirteadh a lán fola de réir an bhéaloidis. Sin mar a fuair an pháirc an t-ainm ‘’Páirc na Fola’’. Tá uaigh le feiceáil fós i bPáirc na Fola. Tháinig daoine trasna ar phluais sa pháirc go raibh cnámha daonna ann agus de réir an bhéaloidis fuaireadh cnámha daonna sa pháirc nuair a bhí curadóireacht ar siúl ann. Is dócha gur gur uaigh an phluais a fuaireadh agus gur reilig de shórt í an pháirc.

Bookmark the permalink.

One Response to Páirc na Fola

  1. Sadie Ní Ghrifín says:

    Dia dhiobh, Is mise Sadie Ní Ghrifín agus cheapaimse go bhfuil an suíomh idirlín seo go hiontach!…Molfainn gach duine a bhfuil ag obair ar!