Tomás Ághas

Rugadh Tomás Ághas i gCeann Ard ar an 12ú Eanair 1885. Chuaigh sé ar scoil in Ardamór agus bhí sé mar mhúinteoir ann é féin ina dhiaidh sin. Bhí sé mar bhall de Chumann Lúthchleas Gael. Bhí Tomás mar cheannaire ar an gCúigiú cathalán de na hÓglaigh i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath in Éirí Amach 1916. Fuair Tomás Ághas bás ar an 25ú Meán  Fómhair 1917 de bhárr droch íde a fuair sé sa phríosún agus bia á chur siar air i gcoinne a thola. Tá sé curtha i nGlasnaín. Tá leacht Cuimhneacháin Thomáis i gCeann Ard.Píobaire den scoth ab ea é agus is minic a bhí sé suite ar leac taobh thuas den mbaile agus na píobaí a sheinnt aige.

Bookmark the permalink.

Comments are closed.