Nuair a bhí Anraí VI ina rí i Sasana ritheadh acht sa pháirlimint sa bhliain 1429 a thug deontas £10 do éinne a thógadh caisleán nó túrtheach de mhéid áirithe. Thóg Ridirí Chiarraí alán caisleáin le cabhair an deontais seo agus Caisleán na Minairde ab ea ceann acu. Tógadh é ar thalamh ard in aice le “Béal na gCloch” ag féachaint amach ar Bhá an Daingin. Caisleán 4 úrlár ar airde agus úrlár faoi thalamh ab ea é. Bhí sé 50 troigh ar fhad agus 41 troigh ar leithead le 11 fuinneog agus é timpeall 50 troigh ar airde. Mhair na Gearaltaigh sa chaisleán -an taon chaisleán i seilbh na nGearaltaigh idir Chaisleán na Mainge agus An Daingean.
I 1650 nuair a d’ionsaigh fórsaí Cromail Caisleán an Ghriaire d’éirigh le úinéir an chaisleáin Walter Hussey agus a chuid fear éalú trasna na sléibhte go Caisleán na Minairde. Ní fada ina dhiaidh sin gur thimpeallaigh fórsaí Cromail fé cheannas Colonels Lehunt agus Sadler an caisleán. Chosain Hussey agus a chuid fear an caisleán go cróga ach ar deireadh ritheadar amach as armlón. Dheineadar piléir pewter ach ní fada a mhair siad sin. Sa deireadh cuireadh baraille púdair thíos faoin gCaisleán agus séideadh Hussey agus a chuid fear agus an caisleán san aer. Aithníodh corp Hussey mar bhí stocaí dearga á chaitheamh aige!
Dia Dhaoibh!!! Ta an suíomh go diabhail ar fad!! Pé duine atá obair air, ta siad ag deanamh sár job air
Lean ar adhigh leis an obair iontach!!
Siobhan ni Neachtain xx
Wow is brea liom an suíomh seo. Thar lear i Vítneam faoi láthair agus ag baint an taitneamh as an suíomh. Tá sé go hiontach bheith ábalta Lios Poil a fheiscint arís agus an nuacht is déanaí a fháil. Choimeád suas an dea-obair. Niamh
GRMA,IS deas comment a fháil chomh fada ó bhaile!Súil agam go bhfuil sibh ag baint taitneamh as bhúr dturas!