An Brat Glas – Green Flag for Schools

Fuaireamar scéal ó An Taisce go bhfuil an triú Brat Glas bainte amach againn. Comhghairdeachas le gach éinne .Caomhnú  Uisce a bhí mar théama.

We were informed by An Taisce that we have been awarded our 3rd Green Flag for Schools. Congratulations to all .Water conservation  was our theme.

Teampall Mártain/Teampall Liath

Is istigh i lios i bPáirc an Teampaill atá sé seo lonnaithe in onóir do Naomh Mártain.Tá rian seanuaigheanna ar an láthair agus deirtear go gcuirtí leanaí  gan baiste ann anuas go dtí tús an chéid seo caite. Luaitear i mbéaloideas an cheantair  go raibh feirmeoir ó Chluain Chumhra ag tógaint tí uair agus gur thóg sé cloch ón dteampall le cur sa bhfalla.Larnamháireach bhí an cloch imithe.Cá bhfaighfeadh sé í ach sa tseantheampall mar a raibh sí ar dtúis.Níor aistrigh éinne cloch ó shin!

Abhainn an Londraigh

Gluaiseann sruthán uisce ó Loch Bhearna na Gaoithe anuas tríd an bparóiste go dtí an Trá Bheag. Abhainn an Londraigh a tugtar uirthi. Bhí Londraigh ina chónaí san áit fadó agus bhíodh sé féin agus fear mór eile Gearaltach i gcónaí ag argóint fé  chearta na h- abhann ach ní raibh aon réiteach ar an scéal.Chuadar go dtí an breitheamh.D’ordaigh an breitheamh go mbaistfí an abhainn le h- ainm an té ba mhó a cuireadh athrú ar an abhainn roimh breacadh an lae.Bhailigh an Gearaltach meitheal agus thugadar faoi chúrsa na h-abhann a athrú.Chrúigh an Londrach na ba agus dhoirt  sé an bainne isteach san abhainn roimh éirí na gréine.Ba leis sin a bhí an lá mar d’athraigh dath na h-abhann.Bhí sé chomh bán le sneachta!

Lios Póil

Ceantar álainn tuaithe is ea Lios Póil atá suite ar dhá thaobh an bhóthair an N86   i gceartlár leithinis Chorca Dhuibhne.Ceantar Gaeltachta is ea Lios Póil le sléibhte arda maorga,talamh mín agus radharcanna áille idir farraige,gleannta agus sléibhte.Tá iarsmaí iontacha seandálaíochta le fáil ann.

Páirc na Fola

Tá Páirc na Fola i Log na gCapall. Tá trí chloch ogham ann agus mullán amháin. Séard atá scríofa ar chloch amháin ná ‘’GOSSUCTTIAS’’ agus tá an focal seo scríofa ar  chloch ogham eile ‘’GAMICUNAS’’. Tá na clocha ogham timpeall i sort ciorcal. Fadó bhí cath mór i bPáirc na Fola ach níl a fhios ag éinne cé a bhí ag troid ach doirteadh a lán fola de réir an bhéaloidis. Sin mar a fuair an pháirc an t-ainm ‘’Páirc na Fola’’. Tá uaigh le feiceáil fós i bPáirc na Fola. Tháinig daoine trasna ar phluais sa pháirc go raibh cnámha daonna ann agus de réir an bhéaloidis fuaireadh cnámha daonna sa pháirc nuair a bhí curadóireacht ar siúl ann. Is dócha gur gur uaigh an phluais a fuaireadh agus gur reilig de shórt í an pháirc.

Na chéad daoine sa Pharóiste

Is ar thalamh Arda Mór a bhí na chéad daoine a tháinig go Lios Póil ina gcónaí. Págánaigh ab ea na daoine sin. Níl a fhios againn go cruinn cathain a tháinig an Chríostaíocht go dtí an paróiste ach tá a fhios againn go raibh sé ann ag deireadh na 6ú aoise. Fuair Séamus ó Dubháin cloch Críostaíochta ar an 28 Méan Fómhair 1978.Tá an cloch seo le feiscint sa mhúseum i mBaile an Fheirtéaraigh.