Tharbhealach Lios Póil

Tógadh an Tharbhealach mar chuid den líne bhóthar iarainn ón nDaingean go dtí Trá Lí. Thosnaigh obair ar an tharbhealach i 1888. Bhí sé críochnaithe laistigh de thrí bliana. B’é Robert Worthington an conraitheoir. Iarnród cúng (1m) a leagadh síos chun airgead a shábháil. Ní raibh Robert Worthington sásta le seo. Theastaigh iarnród níos leithne uaidh faoi mar a bhí ar fud na tire ach ní bhfuair sé aon éisteacht.Bhí timpiste ann i 1907 nuair a d’imigh an traein des na ráillí.Gortaíodh cúpla duine ach níor maraíodh éinne.

Tobar Eoin Baiste

Gach bliain ar an 29 Lúnasa déantar turas ar Tobar Eoin Baiste. Dhein Coiste Pobail  an cosán isteach go dtí an tobar a athchóiriú. Nochtadar leac in aice leis an dtobar. Céiliúrtar aifreann ann gach bliain.Tá cruth crú capaill air.Deirtear go bhfuil leigheas le fáil ann do thinneas cinn.Tá sé suite in aice na farraige trasna ón gcaisleán.

Púicín an Chairn

Is ar bharr Cnoc na Dúnta i nDún Méanach atá sí seo. Uaigh Dinge a tugtar ar an ndéanamh atá uirthi. Tógadh iad i dtreo deireadh na Cloch Aoise thart ar 2,200-1,800 R.C.Tá taobh amháin den uaigh níos leithne ná an taobh eile agus tá tosach na dinge níos airde ná an deireadh. Tógadh fallaí daingne cloch nó galláin agus cuireadh leaca móra troma mar dhíon ar an uaigh. I bPúicín an Chairn tá an oscailt in áit difriúil ó mar a bhí sé nuair a tógadh í. Cuirtí alán coirp sna huaigeanna seo. Dódh an corp de ghnáth agus cuirtí an luaith i gcrúscaí san uaigh. Is minic a bhíonn na huaigeanna seo suite ar thalamh ard. Uaigh an- suimúil é toisc go bhfuil an chuid is mó de na clocha  a usáideadh san uaigh ann go fóill. Tá ceann de na galláin chliathanacha in easnamh agus is féidir dul isteach san uaigh fé láthair tríd an oscailt seo.

 

On Doonties hill we have an example of a wedge shaped tomb,a megalithic grave.These were built towards the end of the Stone Age and early bronze age ,in the period 2,200 to 1,800 B.C.  The roof of the tomb is higher on one side than the other and the front is also higher than the back. The stone walls were first built and heavy slabs were then placed as a roof on top of the tomb. In Púicín an chairn the entrance now differs to where it was firstly positioned. Many bodies were buried in these tombs. The corpse was usually cremated and the ashes were put in jars in the tomb . These tombs were often situated on high ground. This tomb is of interest as many of the stones still remain. One of the side stones is missing and one can enter the tomb through this opening. There is a splendid view of Dingle Bay from here.

Clocha Arda Mór

Tá na clocha seo chomh sean leis na Pirimid. Tá trí ghallán ann ag seasamh i líne. Freagraíonn said do ghrianstad an Gheimhridh. Ar an 21ú Nollaig bíonn na clocha in aon líne leis an ngrian ag dul faoi. Is breá an radharc ón suíomh seo. Tá an Trá Bheag, Cuan an Daingin, Cuan Fionn Trá agus na Blascaodaí fiú le feiscint on áit seo.Is ar thalamh Séamus agus Caoimhín Ó Dubháin atá na clocha seo.Cuir glaoch roimh ré agus dún an geata id dhiaidh.

Droichead an Toddy

Bhí fear de mhuintir Chonchúir ina chonaí in Arda Mór san 18ú aois.Bhíodh uisce beatha á dhéanamh aige fén seana droichead i Lios Póil.Dá bhárr san bhí flúirse dí sa pharóiste agus glaodh Droichead a’ Toddy ar an áit  a bhíodh uisce beatha á dhéanamh ag Toddy Ó Chonchúir. Dhein ó Chonchúir deoch nua Toddy’ as sméara dubha agus caora eile a bhí ag fás sa cheantar.Tuairim na bliaina 1799 tháinig tuile mhór san abhainn i bhfómhar na bliana agus scuab sí léi an droichead, an still agus an fearas eile a bhí ag ó Chonchúir.Ní raibh sé ábalta ar aon bhraon uisce bheatha a dhéanamh ansin go dtí go mbeadh fearas nua aige agus ní sásta a bhí muintir an pharóiste.