Droichead an Toddy

Bhí fear de mhuintir Chonchúir ina chonaí in Arda Mór san 18ú aois.Bhíodh uisce beatha á dhéanamh aige fén seana droichead i Lios Póil.Dá bhárr san bhí flúirse dí sa pharóiste agus glaodh Droichead a’ Toddy ar an áit  a bhíodh uisce beatha á dhéanamh ag Toddy Ó Chonchúir. Dhein ó Chonchúir deoch nua Toddy’ as sméara dubha agus caora eile a bhí ag fás sa cheantar.Tuairim na bliaina 1799 tháinig tuile mhór san abhainn i bhfómhar na bliana agus scuab sí léi an droichead, an still agus an fearas eile a bhí ag ó Chonchúir.Ní raibh sé ábalta ar aon bhraon uisce bheatha a dhéanamh ansin go dtí go mbeadh fearas nua aige agus ní sásta a bhí muintir an pharóiste.

 

An Stricín

 Bhí Fionn Mac Cumhaill agus an fathach ag barr an Stricín lá agus bhí siad ag iarraidh a dhéanamh amach cé acu ba láidre. ‘’ Táimse níos láidre’’ arsa an fathach agus rug sé ar charraig mór agus chaith sé ó dheas i dtreo na farraige í. Tháinig sí anuas i bpáirc i nGráig agus d’fhan sí ina seasamh sa talamh. Ansin rug Fionn Mac Cumhaill ar charraig níos mó agus chaith sé í sa treo céanna . Níor stad sí go dtí gur bhuail sí isteach i gcliathán na carraige a chaith an fathach agus d’fhan sí ann. Bhris píosa di. Tá an charraig i nGráig ó shin.