Abhainn an Londraigh

Gluaiseann sruthán uisce ó Loch Bhearna na Gaoithe anuas tríd an bparóiste go dtí an Trá Bheag. Abhainn an Londraigh a tugtar uirthi. Bhí Londraigh ina chónaí san áit fadó agus bhíodh sé féin agus fear mór eile Gearaltach i gcónaí ag argóint fé  chearta na h- abhann ach ní raibh aon réiteach ar an scéal.Chuadar go dtí an breitheamh.D’ordaigh an breitheamh go mbaistfí an abhainn le h- ainm an té ba mhó a cuireadh athrú ar an abhainn roimh breacadh an lae.Bhailigh an Gearaltach meitheal agus thugadar faoi chúrsa na h-abhann a athrú.Chrúigh an Londrach na ba agus dhoirt  sé an bainne isteach san abhainn roimh éirí na gréine.Ba leis sin a bhí an lá mar d’athraigh dath na h-abhann.Bhí sé chomh bán le sneachta!

Abhainn an Londraigh

Lios Póil

Ceantar álainn tuaithe is ea Lios Póil atá suite ar dhá thaobh an bhóthair an N86   i gceartlár leithinis Chorca Dhuibhne.Ceantar Gaeltachta is ea Lios Póil le sléibhte arda maorga,talamh mín agus radharcanna áille idir farraige,gleannta agus sléibhte.Tá iarsmaí iontacha seandálaíochta le fáil ann.

Páirc na Fola

Tá Páirc na Fola i Log na gCapall. Tá trí chloch ogham ann agus mullán amháin. Séard atá scríofa ar chloch amháin ná ‘’GOSSUCTTIAS’’ agus tá an focal seo scríofa ar  chloch ogham eile ‘’GAMICUNAS’’. Tá na clocha ogham timpeall i sort ciorcal. Fadó bhí cath mór i bPáirc na Fola ach níl a fhios ag éinne cé a bhí ag troid ach doirteadh a lán fola de réir an bhéaloidis. Sin mar a fuair an pháirc an t-ainm ‘’Páirc na Fola’’. Tá uaigh le feiceáil fós i bPáirc na Fola. Tháinig daoine trasna ar phluais sa pháirc go raibh cnámha daonna ann agus de réir an bhéaloidis fuaireadh cnámha daonna sa pháirc nuair a bhí curadóireacht ar siúl ann. Is dócha gur gur uaigh an phluais a fuaireadh agus gur reilig de shórt í an pháirc.

Páirc na Fola

Na chéad daoine sa Pharóiste

Is ar thalamh Arda Mór a bhí na chéad daoine a tháinig go Lios Póil ina gcónaí. Págánaigh ab ea na daoine sin. Níl a fhios againn go cruinn cathain a tháinig an Chríostaíocht go dtí an paróiste ach tá a fhios againn go raibh sé ann ag deireadh na 6ú aoise. Fuair Séamus ó Dubháin cloch Críostaíochta ar an 28 Méan Fómhair 1978.Tá an cloch seo le feiscint sa mhúseum i mBaile an Fheirtéaraigh.

Caisleán na Mináirde

Nuair a bhí Anraí VI ina rí i Sasana ritheadh acht sa pháirlimint sa bhliain 1429 a thug deontas £10 do éinne a thógadh caisleán nó túrtheach de mhéid áirithe. Thóg Ridirí Chiarraí alán caisleáin le cabhair an deontais seo agus Caisleán na Minairde ab ea ceann acu. Tógadh é ar thalamh ard in aice le “Béal na gCloch” ag féachaint amach ar Bhá an Daingin. Caisleán 4 úrlár ar airde agus úrlár faoi thalamh ab ea é. Bhí sé 50 troigh ar fhad agus 41 troigh ar leithead le 11 fuinneog agus é timpeall 50 troigh ar airde. Mhair na Gearaltaigh sa chaisleán -an taon chaisleán i seilbh na nGearaltaigh idir Chaisleán na Mainge agus An Daingean.

Caisleán na Minairde I 1650 nuair a d’ionsaigh fórsaí Cromail Caisleán an Ghriaire d’éirigh le úinéir an chaisleáin Walter Hussey agus a chuid fear éalú trasna na sléibhte go Caisleán na Minairde. Ní fada ina dhiaidh sin gur thimpeallaigh fórsaí Cromail fé cheannas Colonels Lehunt agus Sadler an caisleán. Chosain Hussey agus a chuid fear an caisleán go cróga ach ar deireadh ritheadar amach as armlón. Dheineadar piléir pewter ach ní fada a mhair siad sin. Sa deireadh cuireadh baraille púdair thíos faoin gCaisleán agus séideadh Hussey agus a chuid fear agus an caisleán san aer. Aithníodh corp Hussey mar bhí stocaí dearga á chaitheamh aige!

Tharbhealach Lios Póil

Tharbhealach Lios Póil Tógadh an Tharbhealach mar chuid den líne bhóthar iarainn ón nDaingean go dtí Trá Lí. Thosnaigh obair ar an tharbhealach i 1888. Bhí sé críochnaithe laistigh de thrí bliana. B’é Robert Worthington an conraitheoir. Iarnród cúng (1m) a leagadh síos chun airgead a shábháil. Ní raibh Robert Worthington sásta le seo. Theastaigh iarnród níos leithne uaidh faoi mar a bhí ar fud na tire ach ní bhfuair sé aon éisteacht.Bhí timpiste ann i 1907 nuair a d’imigh an traein des na ráillí.Gortaíodh cúpla duine ach níor maraíodh éinne.

Tobar Eoin Baiste

Tobar Naomh Eoin Baiste Gach bliain ar an 29 Lúnasa déantar turas ar Tobar Eoin Baiste. Dhein Coiste Pobail  an cosán isteach go dtí an tobar a athchóiriú. Nochtadar leac in aice leis an dtobar. Céiliúrtar aifreann ann gach bliain.Tá cruth crú capaill air.Deirtear go bhfuil leigheas le fáil ann do thinneas cinn.Tá sé suite in aice na farraige trasna ón gcaisleán.

Tomás Ághas

Rugadh Tomás Ághas i gCeann Ard ar an 12ú Eanair 1885. Chuaigh sé ar scoil in Ardamór agus bhí sé mar mhúinteoir ann é féin ina dhiaidh sin. Bhí sé mar bhall de Chumann Lúthchleas Gael. Bhí Tomás mar cheannaire ar an gCúigiú cathalán de na hÓglaigh i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath in Éirí Amach 1916. Fuair Tomás Ághas bás ar an 25ú Meán  Fómhair 1917 de bhárr droch íde a fuair sé sa phríosún agus bia á chur siar air i gcoinne a thola. Tá sé curtha i nGlasnaín. Tá leacht Cuimhneacháin Thomáis i gCeann Ard.Píobaire den scoth ab ea é agus is minic a bhí sé suite ar leac taobh thuas den mbaile agus na píobaí a sheinnt aige. Leacht Chuimneacháin Thomáis Ághas

Púicín an Chairn

Is ar bharr Cnoc na Dúnta i nDún Méanach atá sí seo. Uaigh Dinge a tugtar ar an ndéanamh atá uirthi. Tógadh iad i dtreo deireadh na Cloch Aoise thart ar 2,200-1,800 R.C.Tá taobh amháin den uaigh níos leithne ná an taobh eile agus tá tosach na dinge níos airde ná an deireadh. Tógadh fallaí daingne cloch nó galláin agus cuireadh leaca móra troma mar dhíon ar an uaigh. I bPúicín an Chairn tá an oscailt in áit difriúil ó mar a bhí sé nuair a tógadh í. Cuirtí alán coirp sna huaigeanna seo. Dódh an corp de ghnáth agus cuirtí an luaith i gcrúscaí san uaigh. Is minic a bhíonn na huaigeanna seo suite ar thalamh ard. Uaigh an- suimúil é toisc go bhfuil an chuid is mó de na clocha  a usáideadh san uaigh ann go fóill. Tá ceann de na galláin chliathanacha in easnamh agus is féidir dul isteach san uaigh fé láthair tríd an oscailt seo. Púicín an Chairn

 

On Doonties hill we have an example of a wedge shaped tomb,a megalithic grave.These were built towards the end of the Stone Age and early bronze age ,in the period 2,200 to 1,800 B.C.  The roof of the tomb is higher on one side than the other and the front is also higher than the back. The stone walls were first built and heavy slabs were then placed as a roof on top of the tomb. In Púicín an chairn the entrance now differs to where it was firstly positioned. Many bodies were buried in these tombs. The corpse was usually cremated and the ashes were put in jars in the tomb . These tombs were often situated on high ground. This tomb is of interest as many of the stones still remain. One of the side stones is missing and one can enter the tomb through this opening. There is a splendid view of Dingle Bay from here.

Clocha Arda Mór

3 chloch in Arda Mór Tá na clocha seo chomh sean leis na Pirimid. Tá trí ghallán ann ag seasamh i líne. Freagraíonn said do ghrianstad an Gheimhridh. Ar an 21ú Nollaig bíonn na clocha in aon líne leis an ngrian ag dul faoi. Is breá an radharc ón suíomh seo. Tá an Trá Bheag, Cuan an Daingin, Cuan Fionn Trá agus na Blascaodaí fiú le feiscint on áit seo.Is ar thalamh Séamus agus Caoimhín Ó Dubháin atá na clocha seo.Cuir glaoch roimh ré agus dún an geata id dhiaidh.